acmhainn.ie

Oideas - Márta 2002

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


Béarlagair

Is ionann béarlagair agus an rud a dtugtar jargon air sa Bhéarla. Focal atá ann a úsáidtear go míchruinn sa Bhéarla agus sa Ghaeilge araon, mar tugtar ‘béarlagair’ nó jargon ar aon téacs nó ar aon chaint atá deacair a thuiscint. Úsáidtear an dá fhocal ar shlí dhiúltach, chun tabhairt le fios go bhfuil an téacs níos deacra ná mar is gá dó a bheith. Níor mhiste d’aistritheoirí ciall níos cruinne a bheith ar intinn acu nuair a thráchtann siad ar na cúrsaí seo. Tá Peter Newmark ar dhuine de na saineolaithe aistriúcháin is iomráití sa Bhéarla, agus ba dheacair a shainmhíniú siúd a shárú:  ‘Jargon is variously defined as an idiom peculiar to a trade or profession, an occupational register of language, or an esoteric slang unintelligible to the layman.’ (Approaches to Translation, Londain, 1982: 131)

Is léir dúinn go bhfuil béarlagair dá gcuid féin ag lucht dlí, mar shampla. Nuair is mian leo trácht ar an rud a dtugtar co-habitation air sa Bhéarla, úsáideann siad an saintéarma ‘aontíos céileachais’. Gan amhras, bheadh claonadh ag an ngnáthdhuine, i ngnáth-chomhrá laethúil, rud eile ar fad a rá:  ‘cónaí le chéile’ mar shampla, nó ‘cónaí san aon teach amháin’. An té a smaoineodh ar an gcás ar feadh tamaill, thuigfeadh sé nach bhfuil an ghnáthchaint cruinn go leor agus go dteastaíonn téarma ar nós ‘aontíos céileachais’ chun ciall iomlán co-habitation a thabhairt slán. Teipeann ar an ngnáthchaint ar fad de réir mar a théitear níos doimhne i ngnó an dlí. Is beag cainteoir Gaeilge a thuigfeadh leithéidí ‘samhailurbhac’ nó ‘leagáid dímríoch’ gan míniú éigin a fháil orthu. Ní hionadh sin, nó theastódh míniú éigin ar na coincheapa dlí atá i gceist freisin.

Ní call d’aistritheoirí a bheith buartha faoina leithéid seo, fad is atá foinsí téarmaíochta acu ar nós Focal sa Chúirt le Leachlainn S. Ó Catháin (Coiscéim 2001). Ach féadann béarlagair tuisle a bhaint as an aistritheoir is fearr ar bith nuair a éalaíonn sé óna fhearann dúchais sa dlí, sna heolaíochtaí, i gcluichí spóirt, i gcúrsaí creidimh, amach ar fhearann fairsing na gnáthchainte. Béarlagair lucht leighis is ea I’m going to check your pulse now. Fad is a fhanann sé i gcomhthéacs an leighis, is furasta é a aistriú le ‘Tá mé chun do chuisle a bhrath anois’. Ach cad é a déarfá le lucht taighde margaíochta agus tuairimíochta a deir It’s our job to feel the pulse of the nation. Béarlagair meafarach atá ann, den chineál a bhí ar intinn ag Seosamh Ó Murchú nuair a dúirt sé an méid seo thíos:

‘Tagann an béarlagair i gceist anseo agus cheisteoinn an fiú nó an cóir féachaint le cuid mhaith di a aistriú in aon chor. Dar liom gur fearr an tsimplíocht agus an cruinneas suite i ndúchas na teanga a bheith mar bhonn le haon chur chuige aistriúcháin a chuirfí i bhfeidhm i gcoitinne i saol na Gaeilge. Dá réir sin is tábhachtaí, dar liom, go míneofaí bunbhrí an fhocail ‘grassroots’ nó eile ina chomhthéacs polaitiúil agus sóisialta ná go gceapfaí téarma deas néata ag freagairt dó. Is minic a bheidh an cur chuige seo timchainteach agus níos foclaí ná an Béarla ach is sláintiúla an cur chuige ar deireadh thiar é do shaothrú agus d’fhorbairt na Gaeilge agus cabhróidh sé léi a cuid féin a dhéanamh de chastaíochta an tsaoil ina mairimid’. (‘Ag Aistriú don Raidió’ in Ar Thóir an Fhocail Chruinn, BÁC 1997)

Ní dóigh liom go mbeadh ‘cuisle an náisiúin a bhrath’ ina aistriúchán áiféiseach ar to feel the pulse of the nation, ach is cinnte nach bhféadfaí grass-roots a aistriú le ‘rútaí féir’. B’fhearr, mar a chomhairlíonn Seosamh Ó Murchú, dearmad a dhéanamh den téarma agus díriú ar an gcoincheap a thabhairt slán. Bheadh ‘gnáthbhaill an pháirtí’ nó ‘gnáthlucht leanúna an pháirtí’ ina aistriúcháin bhreátha ar grass-roots nó tugann siad ciall an Bhéarla leo go réasúnta beacht.

Is é atá sna cleachtaí seo thíos samplaí de nathanna cainte a bhain go dlúth le réimsí saoil ar leith ach atá in úsáid anois sa ghnáthchaint, a bhuíochas sin do na meáin chumarsáide. Caithfidh an t-aistritheoir cinneadh a dhéanamh cé acu na nathanna iad féin a aistriú, nó malairt focal a roghnú chun an coincheap a chur in iúl nó fiú amháin iad a fhágáil gan aistriú ar fad.

(a) Mary Harney’s statement on public spending may be an attempt to put clear blue water between her own party and Fianna Fáil.

(b) In all industrial disputes the challenge is to create a management/employee interface.

(c) Full decommissioning really is David Trimble’s bottom-line and anything less will meet with point-blank refusal.

(d) The aim of these measures is to reduce red tape in the provision of health board service.

(e) Ireland’s new prosperity is a result of the glasnost between employers and trade unions.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile