Is ón Rúis a ghluais an focal glasnost chugainn. Bhí sé féin agus a chéile perestroika go mór i réim le linn don Uachtarán Gorbachev a bheith ag cur atheagair ar an gcóras Cumannach. Athraíodh ciall an fhocail beagáinín sa turas anoir. ‘Oscailteacht’ an chiall a bhí leis i dtosach ach is léir ón sampla thuas go samhlaítear ‘athmhuintearas’ agus ‘tús nua’ leis chomh maith. D’fhéadfaí na focail sin a úsáid chun glasnost a aistriú ach bheadh claonadh agamsa é a fhágáil gan aistriú. Is dóigh gur roghnaigh scríbhneoir an bhuntéacs an focal Rúisise d’aon turas agus bheadh leisce orm an téacs a athrú an iomarca. Níl ann, ar ndóigh, ach mo thuairim féin.
Tháinig rathúnas nua seo na hÉireann de thoradh ar an glasnost idir fhostóirí agus na ceardchumainn.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
