Ceann dfhobhríonna an fhocail rude, de réir mar a shainmhínítear é in Collins English Dictionary ná robust or sturdy. Is uaidh sin a fhaightear rude health. An bhféadfadh leis an aistritheoir Gaeilge cás a dhéanamh ar son sláinte bhorb? Is ar éigean é, cé go luaitear roinnt fobhríonna in FGB nach bhfuil rófhada ó bhrí an Bhéarla. Ach tá bealaí eile ag an nGaeilge leis an choincheap a chur in iúl. Bíonn sláinte an bhradáin ag duine, nó bíonn sé chomh folláin le breac. Bíonn togha na sláinte ag an mbean seo agus bean eile i mbarr a sláinte. Is focal deas atá in breabhsanta chomh maith. Hale nó sprightly an chiall atá leis, de réir FGB.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
