Oideas - Aibreán 2002
Is
é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin
atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’
a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó
mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe
den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí.
Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil
freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis
na fadhbanna éagsúla.
(CLICEÁIL
ANSEO
LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)
Comhaonaid
Is eol dúinn go léir go bhfuil focail áirithe ann a bhíonn i gcomhluadar a chéile go minic. Smaoinigh, mar shampla, ar soft drink. Is fánach bheith ag iarraidh fáil amach cén fáth ar tharla an dá fhocal seo i gcuideachta a chéile. Níl an focal soft aon phioc níos oiriúnaí chun an chiall a chur in iúl ná a bheadh scaoth focal eile, ach, féach ina dhiaidh sin gur deacair aon fhocal eile a chur ina áit. Mar an gcéanna le light refreshments. Is ionann light sa chomhthéacs seo agus insubstantial ach cé a chuala iomrá riamh ar insubstantial refreshments?
“The simplest answer is, surely, that we are following the rules of usage.” a deir Alan Duff ina leabhar siúd Translation (Oxford University Press, 1989). “And these are largely unwritten.”
Is comhaonaid iad soft drink agus
light
refreshment. Collocations a thugtar ar a leithéid sa
Bhéarla agus dheamhan sainmhíniú is fearr ná
sainmhíniú Peter Newmark: ‘the habitual co-occurrence
of individual lexical items'. Cothaíonn comhaonaid an-chuid
fadhbanna d’aistritheoirí, nó is amhlaidh atá siad
fréamhaithe go daingean i nósanna agus i ngnásanna
teanga, ar shlí gur deacair iad a aistriú ó theanga
go chéile. Sin é is cúis le drochaistriúcháin
ar nós ‘deochanna boga’ a thabhairt ar dheochanna neamh-mheisciúla.
Agus éiríonn an scéal níos casta fós,
nó bíonn struchtúir éagsúla ghramadaí
i gceist ó theanga go chéile, mar is léir ón
tábla thíos.
| Béarla | Gaeilge | Fraincis |
| heavy labour(aidiacht móide ainmfhocal) | úspaireacht(ainmfhocal) | travail musculaire (ainmfhocal móide aidiacht) |
| nerve cell(ainmfhocal móide ainmfhocal) | néarchill(comhfhocal) | cellule nerveuse(ainmfhocal móide aidiacht) |
‘The translator asks himself:
you have travail musculaire in French, can you say ‘muscular work’ in English?
A ‘cell’ is ‘nervous’ in French, what is it in English?
... Recognising whether
or not a collocation is familiar, natural, or just acceptable, is one of
the most important problems in translation”
(Peter Newmark, A Textbook
of Translation, Londain 1995: 212-213)
Agus ní ainmfhocail amháin atá i gceist. Bíonn lucht an Bhéarla ag caint ar to pay someone a visit fad is a bhíonn na Francaigh ag caint ar faire une visite. Agus an Gael, déanann sé/sí cuairt a thabhairt ar dhuine. Ní annamh a bhaineann na difríochtaí úsáide seo tuisle a bhaint as fiú na haistritheoirí is fearr.
Bain triail as na comhaonaid Bhéarla seo thíos a aistriú go Gaeilge. Feicfidh tú go bhfuil an-difear idir nósanna an dá theanga i gcás cuid acu, ach ní amhlaidh a bhíonn i gcónaí. Is ionann, mar shampla, chequebook an Bhéarla agus ‘seicleabhar’ na Gaeilge. Ní gá a bheith amhrasach i gcónaí.
a. rude health
b. a pack of hounds
c. to stage a protest
d. in the open air
e. to deliver a
baby
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
