An é go ndearnadh an leasú seo de thoradh ar athruithe nó an é gur tháinig athruithe de thoradh ar an leasú? Go pointe éigin, is fadhb chomhréire atá ann a léirítear go minic leis an abairt dhébhríoch seo: ‘Sin é an buachaill a bhuail Seán’. Ní léir cé acu a bhuail Seán an buachaill nó a bhuail an buachaill Seán. Is féidir an débhrí a fhuascailt ach dul i muinín an choibhnis indírigh: ‘Sin é an buachaill ar bhuail Seán é’. Maidir leis an sampla seo, níor mhiste é a athscríobh beagán: ‘Roinnt focal anois maidir leis na hathruithe a tháinig de thoradh (de thairbhe/de bharr/de bhrí) an leasaithe seo.’
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
