Dar liom féin gurb abairt chiotach mhínádúrtha atá sa bhunabairt Bhéarla, ach ní annamh a bhíonn a leithéid le feiceáil i dtuarascálacha agus i gcáipéisí oifigiúla. Is léir nach féidir í a aistriú focal ar fhocal agus go gcaithfidh í a athscríobh chomh maith le í a aistriú. Ach cén dóigh?
Is léir go bhfuil dóthain eolais cheana féin i córas achomhairc/athbhreithnithe do chustaiméirí nach bhfuil sásta le cinntí maidir le seirbhísí gan ualach mór aidiachtaí a leagan anuas air. B’fhearr abairt nua a thosú le haghaidh an eolais atá sna haidiachtaí. D’fhéadfaí comhfhocail ar nós dea-phoiblithe agus inrochtana a úsáid le haghaidh well-publicised and accessible ach seans nár mhiste leaganacha traidisiúnta timchainteacha a úsáid ina leithéid seo d’abairt chasta.
Bunóimid córas achomhairc/athbhreithnithe do chustaiméirí nach bhfuil sásta le cinntí maidir le seirbhísí. Córas trédhearcach a bheidh ann, a ndéanfar poiblíocht mhaith ar a shon agus a mbeifear ábalta a rochtain agus a úsáid gan dua.
| Oideas | Taisce Téacsanna | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Baile |
