Is é an briathar ever-changing foinse na deacrachta sa tsolaoid seo. Ní cuid ar bith de ghnás na Gaeilge briathar a chaitheamh isteach i measc aidiachtaí. Téann sé dian ar aistritheoirí an fhadhb seo a réiteach. An cleas is coitianta ná an briathar a chur ag deireadh na habairte ar fad, mar seo: Déanann an Tuarascáil neamhaird de riachtanais iomadúla na soláthróirí san earnáil turasóireachta, riachtanais a bhíonn ag síorathrú. Tá sé i bhfad ó bheith foirfe mar réiteach. Is fiú chomh maith na foclóirí a cheadú, féachaint an bhfuil aidiacht ar bith atá gaolmhar leis an mbriathar. I gcás ag athrú, mar shampla, tá an focal athraitheach (changeable, movable, variant - FGB) ann. Nó d’fhéadfadh leas a bhaint as focal ar nós luaineach (changeable, inconstant - FGB).
Déanann
an Tuarascáil neamhaird de riachtanais iomadúla luaineacha/athraitheacha
na soláthróirí san earnáil turasóireachta.
| Oideas | Taisce Téacsanna | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Baile |
