Cé go bhfuil an focal ‘réad’ in úsáid le fada mar leagan ar ‘object’ ní léir go bhfuil lucht na Gaeilge i ndiaidh glacadh leis lasmuigh de réimsí teicniúla agus eolaíocha. An té a thuigeann ‘réad atá luchtaithe go deimhneach’ (positively-charged object) nó ‘réad cuasairéaltach’ (quasi-stellar object), níl focal beag mar ‘réad’ chun aon mhearbhall a chur air. Ach is amhlaidh a baineadh an abairt seo thuas as treoir a d’fhoilsigh Dúchas mar áis eolais don phobal maidir le scéimeanna oidhreachta. B’fhearr, oiread agus is féidir, focail aduaine a sheachaint. Is minic a bhaintear úsáid as focal an-choitianta ar fad mar leagan Gaeilge ar object .i. ná ‘rud’ agus is minic cuma leanbaí ar an téacs dá bharr. Ba é an réiteach a bhí agam féin ar an bhfadhb seo ná an focal ‘ábhair’ a úsáid.
Aistriúchán
eiseamláireach: Ba chóir comhairle
a lorg faoi conas ábhair sheandálaíochta a láimhseáil.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
