Tá claonadh ag aistritheoirí Gaeilge cloí le struchtúr an Bhéarla agus a leithéid seo a scríobh: ‘Ag Cruthú agus ag Cothú Shochaí an Eolais.’ Níl aon rud cearr leis sin, ach b’fhearr liom féin frása infinideach a dhéanamh de: ‘Sochaí an Eolais a Chruthú agus a Chothú’. Mar an gcéanna le Understanding Consumer Behaviour (‘Iompar Tomhaltóirí a Thuiscint’) agus Acquisition and analysis of tenders (‘Tairiscintí a fháil agus a anailísiú’).
Aistriúchán eiseamláireach: Sochaí an Eolais a Chruthú agus a Chothú.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
