Oideas - Samhain 2002
Is
é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin
atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’
a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó
mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe
den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí.
Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil
freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis
na fadhbanna éagsúla.
(CLICEÁIL
ANSEO
LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)
Is mór an difear idir chomhréir na Gaeilge agus comhréir an Bhéarla agus is iomaí deacracht a bhíonn roimh an aistritheoir dá bharr sin. Seo thíos roinnt samplaí de struchtúir éagsúla sa Bhéarla a chruthaigh fadhbanna domsa le roinnt míonna anuas. Ní i gcónaí a d’éirigh liom réiteach sásúil a fháil orthu.
1.
The Twenty-fourth Celtic Film and Television Festival.
2.
Creating and Nurturing the Information Society. (teideal tuarascála).
3.
Department of Higher and Further Education.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
