Is minic sa Bhéarla a bhíonn dhá réimír ag teacht i ndiaidh a chéile, in abairtí ar nós ‘Macro and Microsegmentation of the market’ nó 'The Under and Post Graduate Borrowings Scheme’. Shíl mé riamh gurb olc a oireann an nós sin don Ghaeilge agus is cosúil nach mise an t-aon duine. In Foclóir Parlaiminte tugtar ‘An Roinn Ardoideachais agus Breisoideachais’ áit a scríobhfadh go leor daoine ‘An Roinn Ard agus Breisoideachais’, leagan atá ciotach go maith.
B’fhearr liom mar an gcéanna
‘Macraidheighilt agus micridheighilt an mhargaidh’ seachas ‘Macra agus
micridheighilt an mhargaidh’ agus ‘An Scéim Iasachtaí do
Fhochéimithe agus do Iarchéimithe’ seachas ‘An Scéim
Iasachta do Fho agus do Iarchéimithe’.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
