Freagraí - Gníomhaíocht 1
1. Bfhearr an focal fantaisíocht más ag caint ar genre litríochta atáimid macasamhail The Lord of the Rings.
2. Dírigh ar ab fhearr sa chomhthéacs seo. Dá mba chúrsaí grianghrafadóireachta a bhí á bplé, bheadh feidhm le Fócasaigh.
3. Ceardlann a theastaíonn sa chomhthéacs seo .i. seisiún ina bpléitear ceird nó ealaíon éigin.
4. Is ionann daoine a dhúshaothrú agus a bheith ag teacht i dtír ar a gcuid oibre gan an sciar atá ag dul dóibh féin a thabhairt. Is é is oiriúnaí sa chomhthéacs seo.
5. Seans go n-oirfeadh dhá fhocal don chomhthéacs seo. I gCúige Mumhan, bítear ag caint ar rudaí a dhéanamh go saoráideach .i. gan dua gan stró. Freagraíonn sé do ease nó facility an Bhéarla agus oireann sé go maith dár ngnóthaí anseo. Cé gur leis an gcaint is mó a shamhlaítear líofacht bfhéidir nach bhfuil sé ró-áibhéalach é a cheangal leis an léitheoireacht. Maidir le deisbhéalaíocht is cinnte gur leis an gcaint amháin a bhaineann sí.
6. Plé an focal a theastaíonn.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
