acmhainn.ie

Oideas - Eanáir 2003

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


Foclóirí agus Réimsí Úsáide

Bhí an tAthair Gearóid Ó Nualláin ar dhuine de na saineolaithe Gaeilge is mó a chuir suim san aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge. Leoga, tá an dara himleabhar den tsraith leabhar úd Studies in Modern Irish tugtha suas do cheachtanna aistriúcháin agus do smaointe an údair ina leith. Dar leis, gur mó dochar ná sochar a dhéanann an t-aistritheoir a bhíonn ag síortharraingt ar fhoclóirí:

Rarely will reference to a dictionary be useful; in most cases it will be misleading, and set the would-be translator on a wrong track. Most teachers can recal (sic) the ludicrous results that follow from the unenlightened use of lexicons. Either the student knows sufficient Irish to distinguish between the precise meanings of the different words given under any vocable [.i. gach iontráil san fhoclóir], or he does not. If he does, the dictionary is useless; if he does not, it is dangerous. So that, even assuming that reference to the particular vocable would not be radically wrong, - as it very easily might be – the dictionary is best left alone. [Lch. 2]
Is dóigh liom go raibh cuid den cheart ag an Nuallánach, ach go ndeachaigh sé thar fóir agus úsáid an fhoclóir a dhamnú as éadan. Is é rud gur cheart d’aistritheoirí a bheith faichilleach faoin eolas a aimsíonn siad i bhfoclóirí, ní toisc an t-eolas sin a bheith míchruinn, ach toisc go gcaithfidh a bheith iomlán cinnte faoin gcomhthéacs ina        n-úsáidtear an focal, nó ‘to distinguish between the precise meanings of the different words given under any vocable.’ Tá sin thar a bheith tábhachtach i gcás na bhfoclóirí dátheangacha a bhíonn in úsáid ag lucht na Gaeilge. Is minic a dhéanann an Béarla cúis d’fhocal amháin fad is a bhíonn dornán focal sa Ghaeilge, mar a mheabhraíonn Maolmhaodhóg Ó Ruairc, in Dúchas na Gaeilge:
Is féidir an gnáthfhocal ‘health’ a úsáid i mBéarla ag cur síos ar dhuine, geilleagar, plandaí. I nGaeilge, áfach, is fearr dea-bhail an gheilleagair agus folláine plandaí a rá. Ní hionann ceachtar den dá fhocal sláinte nó folláine agus ‘health’ an Bhéarla. [Lch. 39]
An té a d’amharcadh ar ‘health’ i bhfoclóir dátheangach, gach seans go gceapfadh sé gur dhá fhocal a chuireann síos ar an gcoincheap céanna iad ‘folláine’ agus ‘sláinte’ agus gur féidir ceachtar acu a úsáid i ngach comhthéacs. Ní féidir, ach a réimse úsáide féin ag gach focal acu. Bíonn na foclóirí Gaeilge ag brath go mór ar na noda éagsúla (Arch = Architecture, Mil= Military agus araile) le réimse úsáide a chur in iúl. Is minic nach leor don aistritheoir an t-eolas sin. Cuir i gcás go bhfuil tú ag aistriú téacs faoi chúrsaí cógaseolaíochta agus go dtagann an focal supplement aníos sa Bhéarla. Téann tú á lorg in EID agus faigheann tú:
supplement1, s. Forábhar m; forlíonadh m, breis f (le leabhar). Geom: Forlíonadh m (uillinne). Journ: Literary supplement, forlíonadh m liteartha.
Insítear dúinn gur focal a bhaineann leis an iriseoireacht atá in ‘forlíonadh’ ach ní dhéantar aon deighilt idir ‘forlíonadh’, ‘forábhar’ agus ‘breis’ ar an gcéad lua. An amhlaidh gur ‘comhchiallaigh’ iad agus go mbíonn a rogha ag duine iad a mhalartú ar a chéile? An miste a rá go mbíonn ‘forábhar oideachais’ in The Irish Times ar an Máirt? Má chuirtear ‘breis’ le leabhar nach féidir ‘breis’ a chur le hiris? Más féidir, bíonn ‘breis folúntas’ in The Irish Times ar an Aoine. Tá ciall na bhfocal i bhfad ó bheith soiléir.

Thíos faoi seo dhá ghníomhaíocht le sibh a chur ag smaoineamh ar réimsí úsáide focal.



Gníomhaíocht 1

Léigh an sliocht Béarla seo thíos. Feicfidh tú go bhfuil uimhreacha le cuid de na focail ann. Is é is cúis leis sin ná go bhfuil leaganacha Gaeilge na bhfocal seo curtha ar fáil thíos, faoi mar a thugtar i bhfoclóirí Béarla-Gaeilge iad. Cé acu leagan is oiriúnaí don chomhthéacs, dar leat? Is féidir go mbeifear ábalta níos mó ná ceann amháin a úsáid.

The key themes of the weekend were fantasy1 writing and books for boys, with workshops on Saturday focusing2 on these issues. Larry O’Loughlin was the speaker for the first workshop3 and he talked about working with children in the classroom on the theme of exploitation4 and child labour. The second workshop was a bi-lingual talk by Dr. Tina Hickey about the pilot reading scheme that she has initiated to improve children’s enjoyment and fluency5 in reading Irish. Our third workshop was with authors Nicky Singer and Paul Magrs, and was an exploration6 of  ‘boy talk’ for the adolescent reader.
1. Fantasy: Samhlaíocht/Fantaisíocht/Aislingeacht

2. Focus: Cruinnigh, dírigh ar, fócasaigh

3. Workshop: Saotharlann/Ceardlann/Ceárta

4. Exploitation: Saothrú/Dúshaothrú/Úsáid

5. Fluency: Deisbhéalaíocht/Líofacht/Saoráid

6. Exploration: Taiscéaladh/Cuartú/Plé



Gníomhaíocht 2

Féach ar an téacs Béarla seo thíos agus an t-aistriúchán Gaeilge leis. An dóigh leat go bhfuil aon fhocail nó leaganacha ann atá beagán ciotach nó mí-oiriúnach?
 

One of the many abuses which were widespread in the Catholic Church at the time was that of Pluralism, the holding of two or more Church positions at the same time. Church leaders, from the Pope down, gave most of their attention to worldly matters. The result was that people rejected the authority of the Pope and turned to different forms of Christianity.

Ar na mí-úsáidí a bhí forleathan san Eaglais Chaitliceach san am bhí an tIolrachas, is é sin dhá phost eaglaise nó níos mó a bheith ag aon duine in aon am amháin.  Bhíodh ceannasaithe na hEaglaise, ón bPápa anuas, ag díriú ar chúrsaí domhanda níos mó ná aon rud eile. Ba é an toradh a bhí air gur dhiúltaigh daoine d’údarás an Phápa agus thiontaigh ar leaganacha nua den Chríostaíocht.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile