Freagraí - Gníomhaíocht 2
Is iad na focail a mheas mise a bheith mí-oiriúnach ná
(a) Mí-úsáidí i gcomhair abuses. Bfhearr liom míchleachtais, ó tharla gur ag caint ar riail agus ar reacht na hEaglaise atáimid.
(b) An tIolrachas. Is ionann sin agus pluralism sa chiall pholaitiúil agus fhealsúnachta .i. meas a bheith ar gach dearcadh, creideamh, cine sa tsochaí. Is ina chomhthéacs riaracháin a úsáidtear pluralism sa sliocht seo agus double-jobbing an chiall atá leis. Tá an freagra le fáil in EID .i. Ilfheidhmeannas.
(c) Ceannasaithe na hEaglaise. Is minice i bhfad a úsáidtear an focal ceannasaí le cur síos ar controller in eagraíocht mhór éigin. Tá Pól Ó Gallchóir, mar shampla, ina Cheannasaí ar TG4. Dfhéadfaí a mhaíomh gurb eagraíocht mhór atá san Eaglais Chaitliceach, ach is dóigh liom gurbh fhearr leo féin focal simplí ar nós ceannairí.
(d) Cúrsaí domhanda le haghaidh worldly matters. Tá sé seo níos gaire do international affairs. Bfhearr i bhfad Cúrsaí saolta.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
