Oideas - Feabhra 2003
Is
é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin
atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’
a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó
mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe
den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí.
Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil
freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis
na fadhbanna éagsúla.
(CLICEÁIL
ANSEO
LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)
Na foclóirí a cheadú – roinnt fadhbanna
Ar Oideas na míosa seo caite, pléadh cuid de na deacrachtaí a bhaineann le foclóirí a cheadú le haghaidh obair an aistriúcháin, agus leanfaimid den phlé sin as seo go ceann cúpla eagrán eile. Fadhb an-achrannach a bhíonn le sárú ag aistritheoirí ná níos mó ná leagan amháin a bheith sna foclóirí Gaeilge ag freagairt d’fhocal nó do théarma amháin sa Bhéarla. Bíonn cúpla rud i gceist:
(i) Caithfear a dhéanamh cinnte nach bhfuil miondifríochtaí céille sna leaganacha éagsúla. Mar shampla, gheobhaidh tú roinnt mhaith leaganacha le haghaidh modify sna foclóirí éagsúla, ach cuimhnigh gurb iomaí ciall agus fochiall atá leis an bhfocal Béarla céanna. Níl sé ach nádúrtha go dteastódh roinnt focal Gaeilge le réim iomlán chéille an fhocail Bhéarla a thabhairt slán. Is mar seo a mhíníonn Maolmhaodhóg Ó Ruairc an scéal.
‘I gcomhthéacs dlí is leasaigh an focal a úsáidtear nuair is ionann an Béarla agus ‘amend’, agus modhnaigh nuair is mionathrú neamhfhoirmiúil a dhéantar. ‘Modhnaigh’ is fearr i ngach cás eile nach beag ach ní mór a bheith cúramach. In Téarmaí Ríomhaireachta tugtar bunathraigh gan aon mhíniú, ach is léir go dtuigtear gur athrú buan atá i gceist sa chomhthéacs sin. Tá míniú in Foclóir Eolaíochta. Nuair is ionann ciall do ‘modify’ agus ‘moderate’, tugtar maolaigh air. Nuair is ionann ciall agus dó ‘alter without transforming’, tugtar mionathraigh air, ach nuair is ionann ciall dó agus ‘make important or basic changes to’, tugtar bunathraigh air.’(Dúchas na Gaeilge: 42.)Is ag brath ar chomhthéacs atáimid, mar sin, agus caithfidh an t-aistritheoir a bheith faichilleach agus focal a roghnú a oireann don chomhthéacs. Má tá reifreann ar siúl faoi ghné éigin den Bhunreacht, is cinnte nár mhaith leis na polaiteoirí go gcuirfí ina leith gur ag iarraidh an Bunreacht a ‘bhunathrú’ atá siad.
(ii) I gcásanna eile, ní bhíonn aon difear céille idir na leaganacha éagsúla. Níl ann ach go bhfuil ceann amháin acu níos údarásaí ná na cinn eile. Mar shampla, an focal hoarding san abairt application to erect a hoarding.
Is gnách cúis mhaith a bheith ann le téarma nua a cheapadh. Is minic iad níos beaichte agus níos cruinne ná na leaganacha in EID. Seo abairt a bhí le haistriú agamsa roinnt blianta ó shin: ‘The stomach is located in the upper left-hand side of the abdomen’. Anois, is é ‘bolg’ a mholtar mar leagan Gaeilge ar abdomen in EID. Is ar éigean a d’fhéadfaí a mhaíomh gur cuid den bholg é an bolg agus b’éigean dom Foclóir Bitheolaíochta a tharraingt chugam, áit a bhfuair mé ‘abdóman.’ Cuimhnigh gur foclóir le haghaidh úsáid ghinearálta a bhí i bhfoclóir de Bhaldraithe. Ní i gcónaí a oireann na téarmaí ann do shainúsáid na n-eolaíochtaí. Is é ‘aimridiú’ an t-aon leagan a thugtar ar sterilization san fhoclóir sin, ach féach go dtéann An Foclóir Bitheolaíochta níos doimhne sa scéal. ‘Aimridiú’ a thugtar ar making barren agus ‘steiriliú’ ar freeing from micro-organisms.
Mar fhocal scoir, b’fhiú na canúintí a lua sa chomhthéacs seo. Rud amháin is ea funeral i measc lucht Béarla na hÉireann ó Chorcaigh go Málainn, ach féach go dtugtar ‘sochraid’ agus ‘tórramh’ i bhfoinsí éagsúla. Ni hé gur dhá rud ar leith iad, ach gur ‘sochraid’ a deirtear ó dheas agus gur ‘tórramh’ a deirtear ó thuaidh agus gur wake atá sa ‘tórramh’ lasmuigh de Chúige Uladh. ‘Faire’ a thugtar ar wake ó thuaidh. Tugann Pádraig Ó Duinnín eolas riachtanach den chineál seo don léitheoir in Foclóir Gaedhilge-Béarla, ach éiríodh as eolas canúna a sholáthar ó shin, toisc gur measadh é a bheith ‘paróisteach’. Mholfainn féin go dteastaíonn eolas mar seo ó fhoghlaimeoirí agus gur cheart cuimhneamh ar threoir chanúna a sholáthar i gcás roinnt focal in aon fhoclóir Béarla-Gaeilge a fhoilseofar amach anseo.
Seo thíos roinnt focal a bhfuil níos mó ná leagan amháin Gaeilge luaite leo sna foclóirí éagsúla. Cad iad na focail sin, agus cé acu is údarásaí, dar leat?
1. Batteriesnot included.
2. Huge amounts were invested in new plant in an attempt to increase productivity.
3. New courses are needed to impart basic management skills.
4. Local fishermen depended too heavily upon mackerel.
5. Astronomy is the scientific study of heavenly bodies.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
