Freagraí - Gníomhaíocht 2
1. A man with average, or less than average, intelligence may set his heart on being a doctor, or a girl with little more than average looks and no acting ability may aspire to Hollywood stardom. The results can easily be disastrous.
Tá
fir ann nach bhfuil thar a bheith intleachtach, agus ní dhéanfaidh
an dara rud cúis ach go mbeidís ina ndochtúirí,
agus cailíní nach bhfuil chomh hálainn sin ar fad
agus nach bhfuil cumas aisteoireachta ar bith iontu, ach iad ag iarraidh
bheith i measc réaltaí Hollywood. Ní hannamh toradh
tubaisteach ar a leithéid.
2. Judges frequently say, when they give their reasons for passing such and such a judgment, that they have been driven, or compelled, or forced to come to that particular decision, sometimes without difficulty, sometimes with regret, sometimes with considerable doubt or hesitation; only to hear their colleagues announce that they have been driven, compelled, forced down a different road to a different conclusion.
Is
minic a mhaíonn Breitheamh, agus é ag míniú
na gcúiseanna a bhí aige lena leithéid seo nó
a leithéid siúd de bhreith, go raibh iallach air,
nó gurbh éigean dó nó nach raibh
an dara rogha aige ach teacht ar an gcinneadh áirithe sin. Is
go réidh a dhéanann sé an cinneadh, in amanna áirithe.
In
amanna eile is le brón nó le héiginnteacht
nó le drogall a dhéanann sé an cinneadh; agus
go ndeir a chomhghleacaithe leis ina dhiaidh sin go raibh iallach orthusan,
nó gurbh éigean dóibhsean nó nach
raibh an dara rogha acusan ach teacht ar chinneadh eile ar fad.
3. The staff attitude was first one of opposition, then resistance, before eventually the logic of the proposals became apparent to all.
Bhí
an fhoireann míshásta leis na moltaí ar dtús
agus bhí siad ag cur ina n-éadan ar fad sular tuigeadh
do chách gur moltaí loighciúla iad.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
