acmhainn.ie

Oideas - Aibreán 2003

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


Athrá

‘The traditional model of good literary prose requires “elegant variation”: if you have to refer to something more than once, you should try to find alternative ways of describing it; and you should give your syntax the same kind of variety.’
David Lodge, The Art of Fiction: 90.


Cibé rud faoin scríbhneoir cruthaitheach, is minic an t-aistritheoir i ngalar na gcás faoin ngné seo den phrós. Má úsáidtear sraith d’fhocail éagsúla chun cur síos ar aon rud amháin, an amhlaidh gur cleas friotail atá ann nó an gcaillfí cuid de chiall an bhuntéacs dá bhfágfaí aon cheann de na focail ar lár sa leagan Gaeilge? An bhfuil focail chomhchiallacha Ghaeilge ann ag freagairt do na focail chomhchiallacha Bhéarla?  Níl aon riail ghinearálta ann, ach an t-aistritheoir ag brath ar a iomas féin. Ní fadhb atá ann a baineann leis an aistriúchán liteartha amháin. Déanann gach scríbhneoir próis iarracht ar athrá a sheachaint, oiread agus is féidir. Féach an sampla seo thíos, a baineadh as téacsleabhar síceolaíochta, Fundamentals of Psychology le C.J. Adcock.

'It should be noted that, although our senses are sensitive to a considerable range of stimuli, we have evidence for the existence of stimuli which do not register on them. The electrical waves propagated by radio stations are quite without effect on us until converted into sound by our radio receiver.'
Sheachain an t-údar an focal insensitive toisc é a bheith ró-chosúil leis an bhfocal sensitive. Níor mhaith an dá fhocal a bheith san aon abairt amháin. Ní amháin sin ach d’aimsigh sé dhá bhealach ar leith le insensitive a chur in iúl: do not register on them agus quite without effect on us. Níl aon amhras ach cur deise agus gur slachtmhaire an prós Béarla dá bharr seo, ach is údar deacrachta don aistritheoir leaganacha éagsúla a aimsiú sa Ghaeilge chun freagairt do leaganacha éagsúla an Bhéarla. Cuimhnigh go bhfuil an Béarla i bhfad níos saibhre ná an Ghaeilge maidir le focail chomhchiallacha de.
'Is uafásach an liacht comhchiallach sa Bhéarla i gcoitinne. Bhí na foinsí chomh flúirseach sin aige ón nGréigis go dtí an Ioruais agus ina theannta sin is iontach an acmhainn déanta focal atá ann chun comhchiallaigh nua a chumadh...An bhfuil aon difear idir ‘quick’, ‘fast’, ‘speedy’, ‘rapid’, ‘swift’, ‘fleet’? Tá trí oiread focal ag an mBéarla ná teanga ar bith eile. Bíonn idir 400,000 agus 600,000 sa ghnáthfhoclóir Béarla agus gan ach 130,000 sa ghnáthfhoclóir Fraincise. Idir 40,000 agus 50,000 atá in FGB. Deirtear go bhfuil 50,000 focal i ngnáthúsáid sa Bhéarla agus 20,000 sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis. Cá mhéad atá i nGaeilge?'

Maolmhaodhóg Ó Ruairc, Dúchas na Gaeilge: 9.

Cuir i gcás go n-úsáidtear dhá fhocal san abairt Bhéarla le cur síos ar rud éigin nuair nach bhfuil ach focal amháin sa Ghaeilge le cur síos ar an rud áirithe sin. A leithéid seo: ‘A bud is an undeveloped shoot of a plant’. Anois, is é ‘bachlóg’ an focal is túisce a ritheann liomsa mar aistriú ar bud agus is é an focal ceannann céanna a bheadh agam ar shoot. Bíodh sin mar atá, is ar éigean a thiocfadh liom an abairt Bhéarla a aistriú le ‘Bachlóg anabaí ar phlanda is ea bachlóg’. Sa chás áirithe seo tá focal ann a thugann bealach éalaithe dom .i. ‘péac: sprout, shoot’. Is fearr i bhfad ‘Péac anabaí ar phlanda is ea bachlóg’ ná an rud a bhí agam roimhe. Sampla eile den rud céanna ná: ‘Softwood comes from pines and firs’. Is é an Ghaeilge a bheadh agamsa ar ‘pine tree’ ná ‘crann giúise’ agus is é an focal ceannann céanna a bheadh agam ar ‘fir tree’. Tá bealach éalaithe ann sa chás seo chomh maith (‘crann péine’), ach ní i gcónaí a bhíonn.

Ach ní i gcónaí gur fadhb é sin. Is minic nach bhfuil sa dara focal a úsáidtear ach athrá ar mhaithe le ciall a shoiléiriú nó abairt a threisiú agus nach miste é a fhágáil ar lár ar fad: ‘Our ability to understand and comprehend the natural world’. Is dócha nach bhfuil aon difear céille dáiríre idir comprehend agus understand agus nach miste an dá fhocal a aistriú leis an bhfocal Gaeilge is coitianta a shamhlaítear leo, is é sin ‘tuiscint’ (nó ‘léirthuiscint’, b’fhéidir). Tá amanna eile ann agus bíonn bearnaí séimeantacha á nochtadh idir an Ghaeilge agus an Béarla agus go mbíonn difríochtaí caolchúiseacha céille sa Bhéarla nach bhfuil sa Ghaeilge ar chor ar bith. Is ansin a bhíonn an t-aistritheoir i gcruachás. Luamar ar eagrán eile de Oideas an sampla seo: ‘Gandhi was the figure-head and leader of Indian nationalism’. Anois, is léir go bhfuil difear caolchúiseach idir leader agus figure-head. Is furasta leader a aistriú le ‘ceannaire’ ach is léir nach cumhacht pholaitiúil amháin atá i gceist le figure-head. Is é a chuireann sé seo in iúl ná gurb é Gandhi foinse inspioráide náisiúnachas na hIndia, gur airsean a smaoiníonn daoine nuair a luaitear gluaiseacht neamhspleáchais na tíre sin. Dáiríre is é atá á mhaíomh ná gur pearsantú ar spiorad na gluaiseachta a bhí in Gandhi. Is léir nach leor an focal ‘ceannaire’ leis an méid sin a chur in iúl.

Téimid ag triail ar na foclóirí. Go foclóir de Bhaldraithe ar dtús, ach ní cabhair dúinn é. Tugtar dúinn an focal ina chiall loingseoireachta: ‘dealbh tosaigh’ (‘carved bust or full-length figure at the upper end of some sailing vessels’) agus ina chiall dhiúltach: ‘The President was only a figure-head, Ní raibh ann ach ainm Uachtaráin’. Tugann na foclóirí Béarla an sainmhíniú diúltach seo fosta: ‘a person nominally having a prominent position, but no real authority’. Cibé faoi sin, is léir nach n-oireann sé sa chás áirithe seo. Ba é an rogha a rinne mé féin sa deireadh ná seo: ‘Ba é Gandhi ceap agus ceannaire ghluaiseacht náisiúnach na hIndia’. Bhí mé ag smaoineamh ar shainmhíniú an Duinnínigh ar an bhfocal ‘ceap’: ‘a leader, a progenitor; the head of a tribe or family, a supreme ruler’. Níor mheas mé gurb aistriú cruinn ar figure-head atá ann ach tugann sé leis cuid den ghaol idir Gandhi agus a lucht leanúna. Níl sé áiféiseach progenitor a thabhairt ar an duine a dtugtar ‘athair an náisúin’ air ina thír féin.

Tá an t-aistritheoir Gaeilge ar bheagán cabhrach maidir le focail chomhchiallacha a aimsiú sa teanga. Ba mhór an cuidiú, cuir i gcás, Foclóir Gaeilge-Gaeilge a bheith ann, nó bheadh na focail á sainmhíniú le focail atá ar aon bhrí leo, nó beagnach ar aon bhrí leo. Ba dheacair an focal fuath a shainmhíniú, mar shampla, gan gráin, col, naimhdeas, eascairdeas, gangaidmioscais a lua. Ach is é an Foclóir Beag an t-aon fhoclóir aonteangach Gaeilge-Gaeilge atá ann, agus insíonn ainm an leabhair cé chomh teoranta is atá sé sin. Is fiú, mar sin, don aistritheoir eolas a chur ar Focal le Gaoth le Breandán Ó Doibhlin. Ainneoin a ndeirtear, ní ‘teasáras’ é an leabhar seo ar chor ar bith.
 

Seift atá sa leabhar chun cumas friotail duine a mhéadú. B’fhearr d’ainm air foclóir analógach ná foclóir comhchiallach. Ní fhéachann sé le focal eile a thabhairt duit a bhfuil an chiall chéanna leis agus atá ag an fhocal atá agat cheana. Is é is cuspóir dó an smaoineamh atá i do cheann a ghlacadh agus tú a threorú amach uaidh ar chosán foclaíochta a thabharfaidh tuilleadh focal duit, cinnte, ach a dhéanfaidh beachtú agus saibhriú ar an bhunsmaoineamh freisin trí fhocail eile atá bainteach le hábhar, nó fiú amháin contráil an smaoinimh, a chur i do láthair.

Breandán Ó Doibhlin, Gaoth an Fhocail: 5.
 

Cuir i gcás go bhfuil smaoineamh teibí éigin i do cheann faoin bhfarraige. Ní hé amháin go dtiocfaidh tú ar thuilleadh focal ar ‘farraige’, ach gheobhaidh tú freisin foclóir a bhaineann leis an aimsir ar muir, leis an gcósta, le gluaiseacht uisce agus le cuan agus calafort.
FARRAIGE
v. Uisce
An fharraige: An fharraige mhór; an t-aigéan; na farraigí arda; farraigí an domhain; farraige chósta. Muir, bóchna, teiscinn. An mhórmhuir. An doimhneacht. Farraige intíre, dhruidte. Lear, sáile. Duibheagán na farraige. An tseanfharraige. Ar fhormna na farraige.
Cóstaí: Cladach, trá, caladh. Aill, ros, corrán, iorras, rinn, scoth, ceann tíre. Scaineamh. Duirling, muirbheach. Cuan, camas, crompán, gaoth, inbhear, murascaill, bá, ród. Sceirdeanna, oitir, dumhach, líonán, oileán, oileánrach.
Gluaiseacht: Taoide; tuile, trá; díthrá, tús trá, leath-thrá, lán mara, rabharta, mallmhuir; tonn; súiteán, cúlsruth; bruth, brachlainn, oibriú, súinte, mórtas, bréitsíní. Clagfharraige. Capaill bhána. Toirm na dtonn.
Staid na farraige: Farraige shuaite, bhainte. Mórtas farraige. Calm, téigle, lagar; tá an fharraige ina báinté. Roiseanna farraige móire. Farraige choipthe, chorraithe, oibrithe.
Cuan: Caladh, calafort, ród, port, duga, cé, bábhún, teach solais. Grinneall, grúntáil. Longbhriseadh. Acarsóid, ancaireacht. Támhall.
Gné amháin den chnuasach seo ná go mbíonn focail sheanda liteartha istigh trí fhocail
Nua-Ghaeilge. Is den tseanlitríocht, mar shampla, bóchna. Is fiú mar sin focail nua a sheiceáil in FGB, féachaint an bhfuil an nod úd Lit. taobh leo.


Gníomhaíocht 1

Cuir i gcás go bhfuil Teasáras Gaeilge-Gaeilge á ullmhú agat. Déan do dhícheall oiread focal agus is féidir a chur ar fáil atá ar aon bhrí leis na focail thíos. Ná bain úsáid as aon cheann de na foclóirí, ach bí ag smaoineamh ar an méid atá ar eolas agat féin.

1. Intleacht

2. Tinneas

3. Fuaim

4. Teip ar (briathar)

5. Saibhir



Gníomhaíocht 2

Aistrigh an trí shliocht thíos go Gaeilge. Bí ag smaoineamh go háirithe ar

- comhchiall .i. an smaoineamh céanna á chur in iúl le focail éagsúla, mar shampla báisteach/fearthainntheip orm/chlis orm.
- gaol gairid .i. focail nó nathanna atá an-ghar dá chéile ó thaobh céille de, mar shampla chuir mé iallach air/d’ordaigh mé dóchomh marbh le hart/gan bhrí.
- athrá .i. an focal céanna, nó foirmeacha den fhocal céanna, in úsáid faoi dhó, mar shampla, Má deirim go bhfuil sí go hálainn, fiafróidh tú díom "Cad is áilleacht ann?’’

1. A man with average, or less than average, intelligence may set his heart on being a doctor, or a girl with little more than average looks and no acting ability may aspire to Hollywood stardom. The results can easily be disastrous. C.J. Adcock, Fundamentals of Psychology.

2. Judges frequently say, when they give their reasons for passing such and such a judgement, that they have been driven, or compelled, or forced to come to that particular decision, sometimes without difficulty, sometimes with regret, sometimes with considerable doubt or hesitation; only to hear their colleagues announce that they have been driven, compelled, forced down a different road to a different conclusion. ‘The Reith Lectures’, ar The Listener.

3. The staff attitude was first one of opposition, then resistance, before eventually the logic of the proposals became apparent to all.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile