Oideas (Meitheamh 2003)

Aistriúchán Eiseamlárach 1

The Law Enforcement Torch Run is a series of relays run by police officers carrying ‘the Flame of Hope’ to the Opening Ceremonies of major Special Olympics Games.

Is é atá i gceist le Rith Tóirse na bPóilíní ná turas ina dtugtar ‘an Lasair Dhóchais’ go dtí Searmanas Oscailte gach ceann de mhórchluichí na nOilimpeach Speisialta. Bíonn an Lasair Dhóchais á hiompar ag foirne de phóilíní a ritheann go dtí an Searmanas Oscailte, gach foireann ar a seal.

[Bhí leaganacha ar nós ‘Lucht Curtha i bhFeidhm an Dlí’ ag déanamh ciotaí den aistriúchán Gaeilge, agus níor ghá cloí le huimhir iolra an Bhéarla ‘series of relays’. Bheadh ‘rith sealaíochta’ go breá, ach is cinnte go bhfuil cuma ait ar ‘rití sealaíochta’.]


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile