Aistriúchán Eiseamlárach 2
The Department accepted the proposal for the project submitted by the European Language Initiative.
Athbheodh an focal 'togra' mar leagan a bheadh ag freagairt don Bhéarla 'proposal'. Ní i gcónaí a úsáidtear mar sin é, áfach. Measann go leor daoine gurb ionann é agus 'scheme' nó 'project'. Cuirtear síneadh fada leis, fiú amháin: 'tógra'.
'Initiative' an chiall atá le 'tionscnamh', ón mbriathar 'tionscain': 'Begin, originate, initiate, establish.'
'Tionscadal' is fearr a fhreagraíonn don Bhéarla 'project'.
Ghlac an Roinn leis an togra a chuir Tionscnamh Teanga na hEorpa faoina mbráid maidir leis an tionscadal seo.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
