acmhainn.ie

Oideas - Lúnasa 2003

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


Téarmaíocht

Ceird ar leith is ea ceird na téarmaíochta, ach bíonn aistritheoirí ag plé le téarmaí i ngach uile jab a dtugann siad faoi. Dá bhrí sin, caithfidh siad eolas éigin a chur ar bhunchoinceapa téarmaíochta.

Ar ndóigh, tá fadhbanna ar leith ag baint le saothrú na téarmaíochta i dteangacha nach bhfuil á labhairt go forleathan. Baineann cuid de nuathéarmaí na Gaeilge, mar shampla, le réimsí saoil nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu, ach ar éigean. Bíonn téarmeolaithe na Gaeilge ag ceapadh téarmaí as an nua, ag súil go nglacfar leo agus go n-úsáidfear iad. Ní hé sin do théarmeolaithe na mórtheangacha, ar minic iad ag roghnú téarma údarásach amháin as measc raidhse téarmaí atá in úsáid cheana féin. Ba dheas mar a mhínigh Aodh Ó Canainn cás na Gaeilge san alt tábhachtach leis ‘Réamhaithriseoireacht, Athdhéanamhachas, Cainníochtaíocht agus Briseadh Gaoithe’ (Comhar, Samhain 1994):

Is é laghad phobal na Gaeilge is cúis leis an dá fhadhb atá luaite agam, cumadh téarmaí in vacuo agus mí-úsáid na dtéarmaí sin ag aistritheoirí. Ar bhealach, táimid ag iarraidh athréim na Gaeilge a shamhlú, réalaíocht a dhéanamh den bhrionglóid, nuair a thógaimid struchtúr téarmaíochta. Tá mínádúr ag baint le saothar na téarmaíochta mar gheall is nach bhfuil pobal láidir teanga againn ag éileamh téarmaí agus á bpromhadh. Is ar aos scoile atá saothar na téarmaíochta dírithe le fada. Ní hiad is fearr le téarmaí nua a phromhadh.
Ina dhiaidh sin is uile, bíonn téarmaí ag teastáil, go háirithe sna réimsí sin ina gcaithfidh leaganacha údarásacha a bhfuil ciall bheacht amháin acu. Nuair a bhíonn ‘extradition warrant’ á éileamh ag dlíodóir ní hé go mbíonn rogha aige idir ‘barántas eiseachadta’ agus leaganacha eile a thaitníonn leis féin: ‘barántas le duine a chur thar teorainn’ ná a leithéid. An t-aistritheoir de chuid Rannóg an Aistriúcháin a chaithfidh ‘Statutory Instrument’ a aistriú go Gaeilge, tugann sé ‘Ionstraim Reachtúil’ air agus ní ‘Uirlis Dhlíthiúil’ ná leagan ar bith eile. Is deas mar a mhíníonn Maolmhaodhóg Ó Ruairc an scéal in Dúchas na Gaeilge:
Is doiligh deighilt iomlán a dhéanamh idir an teanga theicniúil agus an teanga neamhtheicniúil. Ach nuair is teanga theicniúil atá ann, ba cheart nach mbeadh ach aon fhocal amháin a fhreagraíonn dó in aon teanga eile má úsáidtear é sa chomhthéacs céanna ag an gcineál céanna duine....Cad is focal teicniúil ann? Is focal é nach bhfuil an dara ciall aige de ghnáth.
Bíonn sé deacair a áiteamh ar lucht na Gaeilge go dteastaíonn a leithéid de chruinneas. Cuirfidh siad i do leith gur ‘ag deachtú’ dóibh atá tú. Go minic, ní léir dóibh aon difear idir an ghnáthchaint (mar a mbíonn cead agat do rogha leagan a úsáid) agus cáipéis dlí. Ar an dea-uair, tá institiúidí ann ina mbíonn an Ghaeilge á saothrú ag ardleibhéal. I Rannóg an Aistriúcháin, sa Ghúm, agus sa Bhruiséil, tuigtear go dteastaíonn buanseasmhacht agus leanúnachas téarmaíochta chun difríochtaí caolchúiseacha céille idir focail a thabhairt slán:
Tá ‘cliarlathas’ téarmaíochta á úsáid sa Bhruiséil freisin nach mór cloí leis, cé nach ndéantar i gcónaí. Tugtar difear i seasamh an Aontais le tuiscint go minic trí mheán an bhriathair a úsáidtear, idir ‘encourage’, cothaigh, ‘stimulate’, spreag, ‘promote’, cuir ar aghaidh agus ‘foster’, taobhaigh. Is briathra bána iad dáiríre toisc gur le hintinn pholaitiúil a úsáidtear na téarmaí éagsúla; ní hionann an éifeacht atá leo agus atá le beidh de cheangal ar, ‘required’, nó beidh d’iallach ar ‘obliged’; tá difear freisin idir ‘protect;’, cosain, ‘preserve’, caomhnaigh, ‘uphold’, cumhdaigh agus ‘safeguard’, coimircigh; idir 'maintain (laws, provisions)’ (coimeád ar bun cothabháil) agus ‘maintain’ nuair is 'detain' (coinnigh) agus 'custody' (coimeád) atá i gceist. B’fhusa i bhfad dá mbeadh teacht go forleathan ag gach aistritheoir ar na téarmaí coibhéiseacha sin sa mhéid go bhfuil sin ann agus á n-úsáid ag aistritheoirí áirithe in áit éigin, ach is leasc le Gaeilgeoirí cloí leis an téarma céanna má thig leo ceann nua a fháil. (Maolmhaodhóg Ó Ruairc, Aistrigh go Gaeilge)
Is spéisiúil an chaoi a gcuirtear casadh i bhfocail atá beagnach ar aon bhrí le chéile (sa ghnáthchaint, cibé) chun ciall shainiúil a chur in iúl. Tá an Ghaeilge lán d’fhocail chomhchiallacha, cuid acu a bhaineann le canúint áirithe. Tá aistritheoirí ann ar mhaith leo tuilleadh forbartha a dhéanamh ar acmhainní foclóra na Gaeilge.
 
For example, words that are still synonyms in Irish need to be made bear distinctive meanings, such as the doublet cóir:ceart, which could be brought to render the necessary distinction justice: droit (justice:right). Similar nuancing could be introduced into undifferentiated synonyms like fanacht:feitheamh:fuireachas, when we need “expectation” and “anticipation;” or into freastal:fónamh:friotháil (all meaning “serving”), which might take on the nuance of “attention,” “support,” even “reception.” (Breandán Ó Doibhlin, ‘A Translator of the Irish Language Today’ in Éire/Ireland, Earrach 2000)
Ar aon nós, is mithid dreas oibre a dhéanamh. Seo thíos roinnt abairtí atá le haistriú go Gaeilge agus aird ar leith a bheith ag an aistritheoir ar chruinneas téarmaíochta.


Cleachtadh

Cén téarma ab fhearr a d’oirfeadh san aistriúchán Gaeilge de gach ceann de na habairtí seo thíos?

(1) A report concerning the accounting practices and financial management(bainistiú/bainisteoireacht/bainistíocht) of the company.

(2) The Department accepted the proposal (togra/tionscnamh/tionscadal) for the project (togra/tionscnamh/tionscadal) submitted by the European Language Initiative(togra/tionscnamh/tionscadal).

(3) Irish Aid (cúnamh/cabhair/cuidiú) distributes aid (cúnamh/cabhair/cuidiú) and assistance (cúnamh/cabhair/cuidiú) in developing countries.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile